Scoil Cholmcille 
Ros a Mhíl
Scoil Cholmcille 
Ros a Mhíl
  • Baile
  • Nuachtlitir
  • Féilire
  • Imeachtaí
  • Teagmháil
  • GAILEARAÍ 2022-2023
  • GAILEARAÍ 2021/22
  • Gailearaí
  • Foirmeacha Iarratais
  • Polasaithe
  • More
    • Baile
    • Nuachtlitir
    • Féilire
    • Imeachtaí
    • Teagmháil
    • GAILEARAÍ 2022-2023
    • GAILEARAÍ 2021/22
    • Gailearaí
    • Foirmeacha Iarratais
    • Polasaithe

  • Baile
  • Nuachtlitir
  • Féilire
  • Imeachtaí
  • Teagmháil
  • GAILEARAÍ 2022-2023
  • GAILEARAÍ 2021/22
  • Gailearaí
  • Foirmeacha Iarratais
  • Polasaithe

Imeachtaí 2022-23

An Chéad Comaoineach 2023

Lá oscailte naíonáin 2023-2024

Comhghairdeas ó chroí le na gasúir álainn speisialta rang a 2 a rinne an Chéad Chomaoineach. Tá muid ar fad chomh bródúil asaibh!

Lá oscailte naíonáin 2023-2024

Lá oscailte naíonáin 2023-2024

FÁILTE

Naíonáin Bheaga 2023-2024

Maidin oscailte i Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl

Dé hAoine, 19ú Bealtaine 2023

9.30 – 10.30

Fáilte roimh chách.

Boscaí Team Hope

Lá Pitseámaí 2/12/22

Bhí 50 bosca ar fad againn le tabhairt do Team Hope i mbliana. Míle buíochas do na gasúr agus tuismitheoirí ar fad. Chuaigh na boscaí seo chuig gasúir san Úcráin, Leosóta agus Esuaitíní.

Lá Pitseámaí 2/12/22

Cluiche Peile le Scoil Mhic Dara 27/10/22

Lá Pitseámaí 2/12/22

Bhí Lá Pitseámaí ag an scoil agus bhailigh muid €170.50 don bhfeachtas Pobail Simon na Gaillimhe. Fair plé chuile dhuine!

Cluiche Peile le Scoil Mhic Dara 27/10/22

Cluiche Peile le Scoil Mhic Dara 27/10/22

Cluiche Peile le Scoil Mhic Dara 27/10/22

Chuaigh na hardranganna suas chuig Páirc Ros a’ Mhíl chun cluiche peile a imirt in aghaidh Scoil Mhic Dara. Bhí paráid acu ar dtús leis an gcupán a bhuaigh Mionúir na Gaillimhe do Chraobh na hÉireann.

Seachtain Mata

Cluiche Peile le Scoil Mhic Dara 27/10/22

Cluiche Peile le Scoil Mhic Dara 27/10/22

Bhí go leor spraoi ag na gasúir don seachtain mata. 

Turas chuig Gáirdín Bhríde

Fáilte! Naíonáin bheaga 2022

Fáilte! Naíonáin bheaga 2022

Thug an scoil ar fad cuairt ar Gháirdín Bhríde le gairid. Bhí lá iontach ar fad acu ag foghlaim faoin nádúr san Fómhair agus fuinneamh.

Fáilte! Naíonáin bheaga 2022

Fáilte! Naíonáin bheaga 2022

Fáilte! Naíonáin bheaga 2022

Ba mhaith linn fáilte mór míllteach a chur roimh na cailíní agus buachaillí a thosaigh i naíonáin bheaga linn. 

Go n-eireoidh go geal leo!

Imeachtaí 2021-22

Slán le Rang 6 2022

Bhí ceiliúradh againn sa scoil le slán a fhágáil le Rang a 6. Tháinig tuismitheoirí na ngasúir, bhí píosa cainte againn, scannán beag agus ansin ghlaoigh Múinteoir Mícheál an rolla don uair dheireanach ! Fuair Rang a 6 hoodies agus pictiúr álainn i fráma. Ina dhiaidh sin bhí cóisir bheag againn agus scríobh Rang a 6 a nainmeacha ar an mballa sa gclós. Ag guí chuile bheannacht oraibh agus go n-eirí go geal libh.

Lá Spóirt 2022

 Bhí lá spóirt againn ar Pháirc Ros a’ Mhíl i mbliana. Bhí cluichí le liathróidí, ag caitheamh buataisí, ciceanna píonóis agus cluichí le málaí pónairí againn ar maidin. Tar éis lóin rinne muid rás an mála, fata is spúnóg, rás 3 chois , ritheacht agus tarraingt téide. Ar an mbealach ar ais chuig an scoil fuair chuile dhuine uachtar reoite. Bhí an-lá againn ar fad!

Turas go Baile Átha Cliath

 Bhí an t-ádh ar na hardranganna agus iad ag dul ar thuras eile chuig Baile Átha Cliath! D’fhág muid ar a 6 ar maidin agus chuaigh muid suas chuig an Zú. Bhí lá an-ghnóthach againn ag breathnú ar na hainmhithe ar fad agus ag spraoi sna páircanna spraoi a bhíonn acu. Bhí lón againn sa Meerkat Café.

Turas go Inis Oirr

Turas go Inis Oirr

 Chuaigh an scoil uilig chuig Inis Oirr. Bhí scéitímí ar na gasúir agus iad ag dul ar an mbád! Chuaigh muid ar shiúloid chuig Caisleán Uí Bhriain agus go dtí an Páirc Spraoi. Bhí lón álainn againn agus ansin uachtar reoite. Bhí an-lá ag na gasúir!

Bliots Peil

Turas go Inis Oirr

Bliots Peil

 D’fhreastal muid ar bhliots peile a bhain leis an Scéim Oiliúna Peile ar Pháirc na mBreathnaigh. D’imir muid in aghaidh Ceantar na nOileán agus Ceantar Ros Muc. D’imir na gasúir thar cionn agus rinne siad a gcéad mile dícheall. Ard mholadh ag dul do na gasúir as na bliotsanna ar fad. D’iompraídear iad fhéin thar barr agus muid an-bhródúil astu.

Bláthanna

Turas go Inis Oirr

Bliots Peil

 Míle buíochas le Muinteoir Caroline as ucht an obair álainn a rinne sí le na gasúír le gairid ag déanamh fleasc bláthanna. Bhain siad an oiread taitneamh as

An Chéad Comaoineach 2022

  Comhghairdeas ó chroí le na Gasúir álainn speisialta a rinne an Chéad Chomaoineach. Tá muid ar fad chomh bródúil asaibh!

Lá Oscailte 2022

  

Ficheall - Rang Micheál Antaine

Cuairt ar Staisiún an Gharda Cósta Ros a'Mhíl

  Tá rang Micheál Antaine an-gnóthach faoi láthair agus iad ar fad ag foghlaim conas ficheall a imirt.

Cuairt ar Staisiún an Gharda Cósta Ros a'Mhíl

Cuairt ar Staisiún an Gharda Cósta Ros a'Mhíl

  Tá muid fíor bhuíoch don Gharda Cósta anseo i Ros a'Mhíl a thug cuireadh don scoil chuig an staisiún. Is é a chéad turas ag an gasúir le fada é agus bhain siad an oiread taitneamh as. Tá pictúirí le feiceáil sa ghailearaí.

Lá Domhanda na Leabhair

Lá Domhanda na Leabhair

 Rinne muid ceiliúradh ar Lá Domhanda na Leabhar ar an 3ú Márta. Tháinig na gasúir isteach ar scoil agus iad gléasta mar charactéir don leabhar is fearr leo. Bhí an lá againn. 

Tá pictúirí le feiceáil sa ghailearaí.

Fleasc na hAidbhinte 2021

Féilire na hAidbhinte 2021

  Tá muid fíor bhuíoch do mhúinteoir Caroline a thug cúnamh do na gasúir chun fleasc na hAidbhinte a dhéanamh.  Las Ruby, an duine is óige sa scoil an chéad choinneál. 

Féilire na hAidbhinte 2021

Féilire na hAidbhinte 2021

 Tá féilire Aidbhinte aláinn againn sa scoil.  Gach lá léann gasúr amháin amach an tasc cineáltas don scoil ar fad. 

Lá pitseámaí 26.11.21

Bhí lá pitseámaí againn inniu ar mhaithe le ciste cabhrach duine de thuismitheoirí na scoile. Bhí coisir ag na ranganna ar fad agus bhí siad ag breathnú ar scannán agus ag ól seacláid te. Tá pictúirí le feiceáil sa ghailearaí.

Seachtain Eolaíochta 2021

Bhí seachtain iontach againn do sheachtain na hEolaíochta 2021. Bhí muid ag déanamh neart tionscadail agus tástáil. Tá pictúirí le feiceáil sa ghailearaí.

Rang Áine & an polytunnel!

Bhí an cúirséad agus an biatais aibí agus réidh le piocadh sa bpolytunnel. Bhí rang Áine an-ghnóthach ag cocáireacht leo. Bhí siad ag cuir sú talún chomh maith. Tá pictúirí le feiceáil sa ghailearaí.

An Chéad Chomaoineach 2021

Comhghairdeas ó chroí le rang a 3 a rinne an Chéad Chomaoineach. Gasúir álainn speisialta a rinne an lá mór faoi dheireadh! Tá muid ar fad chomh bródúil asaibh!

Fáilte! Naíonáin bheaga 2021

Fáilte! Naíonáin bheaga 2021

Fáilte! Naíonáin bheaga 2021

Ba mhaith linn fáilte mór míllteach a chur roimh na cailíní agus buachaillí a thosaigh i naíonáin bheaga linn. 

Go n-eireoidh go geal leo!

Slán le Rang a 6 2021

Fáilte! Naíonáin bheaga 2021

Fáilte! Naíonáin bheaga 2021

  Bhí oíche fíor speisialta againn le slán a fhágáil le Rang a 6. Tháinig Rang a 6, a muintir agus foireann na scoile le chéile ar Zoom. Bhí píosa cainte againn agus ghlaoigh Múinteoir Mícheál an rolla don uair deireanach.  Tá pictúirí le feiceáil sa ghailearaí.

Lá Spóirt 2021

Fáilte! Naíonáin bheaga 2021

Lá Mata Domhanda 3ú Bealtaine 2021

 Bhí 3 lá spóirt againn i mbliana!!  Chuaigh na ranganna suas chuig Páirc  Ros a’ Mhíl ar feadh an lae agus bhí go leor spraoi acu. Bhí rásaí, cluichí  agus tarraingt téide acu. Ansin bhí lón te, smores agus uachtar reoite acu ó Tí Thaidhg. Bhí an-lá ag chuile dhuine! .  Tá go leor pictúirí le feiceáil sa ghailearaí.

Lá Mata Domhanda 3ú Bealtaine 2021

Seachtain Gníomhaí 26ú - 30ú Aibreán 2021

Lá Mata Domhanda 3ú Bealtaine 2021

Bhí go leor spraoi ag na gasúir ar lá mata domhanda 2021. Bhí siad ag foghlaim faoina bealaí éagsúil ar fad a úsáideann muid mata sa saol ó lá go lá. Tá tuilleadh pictúirí le feiceáil sa ghailearaí.

Seachtain Gníomhaí 26ú - 30ú Aibreán 2021

Seachtain Gníomhaí 26ú - 30ú Aibreán 2021

Seachtain Gníomhaí 26ú - 30ú Aibreán 2021

Bhí go leor spórt agus aclaíochta ar siúl ag na gasúir don seachtain gníomhaí scoileanna 2021. Bhain siad an-taitneamh as. Tá tuilleadh pictúirí le feiceáil sa ghailearaí.

Copyright © 2025 Scoil Cholmcille Ros a Mhíl - All Rights Reserved.

Powered by